Litir chuig Rialtas na hÉireann maidir le ciorruithe ar na cumainn óige Ghaeilge

Litir chuig Rialtas na hÉireann maidir le ciorruithe ar na cumainn óige Ghaeilge

April 5, 2017 Blog 0 Comments
Charlie Flanagan TD
Aire Gnóthaí Eachtracha
Rialtas na hÉireann
A Aire, a chara,
Ba mhaith liom d’aird a tharraingt ar an chinneadh a rinne an tÚdarás Oideachas sa Tuaisceart maoiniú a shéanadh ar Ghlór na Móna.
Mar thoradh ar chinneadh an Údaráis Oideachais airgead a bhaint de Ghlór na Móna, cuirfear deireadh leis an sólathar do chúig chumann óige Ghaeilge, caillfear ceithre phost agus beidh deireadh le 64 uair a’ chloig d’imeachtaí. Is beag ar Unknownfad an sólathar a rinneadh don earnáil seo go tráidisiúnta sa Tuaisceart ach cuireann an cinneadh seo deireadh leis an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas.
Aréir, d’fhreastail mé ar chruinniú i gColáiste Feirste mar agóid in aghaidh na gciorruithe sin. Bhí 500 duine i láthair. Tá pobal na Gaeilge ag súil go gcuirfidh Rialtas na hÉireann brú ar an Údarás Oideachais an cinneadh seo a chealú.
Faoi airí an DUP, úsáideadh an Ghaeilge mar mhála dornála. Ní féidir glacadh leis an chur chuige sin. Is ionsaí fíochmhar ar an earnáil oideachais Ghaeilge é an cinneadh seo agus sáraíonn sé geallúint Chomhaontú Aoine an Chéasta go ndéanfaí “gníomh diongbháilte chun an teanga a chur chun cinn”. Sáraíonn sé fosta an dualgas reachtúil atá ar Roinn an Oideachais “oideachas Gaeilge a éascú agus a spreagadh”.
Tá mé ag iarraidh ort féin mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus ar An Taoiseach seasamh láidir a ghlacadh in aghaidh an ionsaí seo ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Go soirbhí Dia duit,
Máirtín Ó Muilleoir CTR



About the Author

Máirtín Ó Muilleoir

Máirtín Ó Muilleoir is the outgoing Sinn Féin MLA for South Belfast and a civic activist in Belfast.