I dtólamh chun tosaigh

I dtólamh chun tosaigh

March 15, 2018 Blog 0 Comments

Caint ag seoladh Polasaí Gaeilge Shinn Féin i Lárionad Cathrach Craigavon ar 14 Márta.

Agus mé anseo, ba mhaith liom an deis a fhreastail ach go háirithe le pobal an limistéir seo – An Lorgain, Port an Dúnáin, Craigavon — leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Is mór mo mheas ach go háirithe ar na Gaelscoileanna sa cheantar, Naomh Proinsias sa Lorgain agus Bunscoil Eoin Baiste I bPort a’ Dúnáin. Agus ar ndóigh, tá stair fhad uaibhreach ag baint le Conradh na Gaeilge sa dúiche seo agus molaim go hard na Conraitheoirí.

Agus ar ndóigh, ní féidir meas a léiriú do Ghaeilgeoirí an cheantair seo gan machnamh a dhéanamh agus ómós a thabhairt do Gerard agus Rory Cairns a feallmharaíodh abhus i 1993 nuair a bhí a dtuismitheoirí ag freastal ar ranganna Gaeilge sa Lorgain. Clann dílis Ghaelach a d’íoc praghas ard as a ngean dá dtír is dá dteanga.

Spreag sibhse mé leis a chuireadh theacht go Craigavon leis an seoladh seo a dhéanamh agus anois ba mhaith liomsa, mar bhuíochas, sibhse a ghríosú chun oibre. Sin an dóigh is oiriúnaí le cáipéis polasaí a sheoladh dar liom — a bheith ag caint ar aicsean le cuspóirí an pholasaí sin a chur I bhfeidhm.

Nuair a bhí mé i mo mhéara ar Bhéal Feirste, cheap mé séiplíneach Búdach as San Francisco, Paul Haller. Le linn na bliana in oifig, ba é an chomhairle a ba chríonna a thug sé dom ná, ‘déan do dhícheall’. D’fhiafraigh mé de cad é an chuid de sheanmóirí an Buddha as ar tháinig an chomhairle sin agus dúirt Paul liom nach ón Dharma nó ón Búdachas ar chor ar bith a tháinig sé ach óna mháthair.

Is doiligh comhairle máthara a shárú, mar sin de déanamis comhairle agus déanamís comhairle Mrs Haller go pearsanta, ar léibhéal pobail agus ar leibhéal stáit.

 

Croí na Gaeilge: Leis na comhairleoirí Kevin Savage agus Feargal Lennon agus an t-iar Chomhalta Tionóil Katherine Seeley ag seoladh an pholasaí Gaeilge. With Cllrs Kevin Savage and Feargal Lennon and former MLA Katherine Seeley in Craigavon at launch of Irish language policy.
Croí na Gaeilge: Leis na comhairleoirí Kevin Savage agus Feargal Lennon agus an t-iar Chomhalta Tionóil Katherine Seeley ag seoladh an pholasaí Gaeilge. With Cllrs Kevin Savage and Feargal Lennon and former MLA Katherine Seeley in Craigavon at launch of Irish language policy.

Gníomh pearsanta: Is é an gníomh is fóntaí a thig linn a dhéanamh mar Éireannaigh ná an Ghaeilge a labhairt. Sin an príomh-dhualgas atá orainn. An teanga a fhoghlaim,  a shealbhú agus a labhairt (agus gan amhras a léamh agus a scríobh). Ach gan cainteoirí Gaeilge, ní ann don réabhlóid állainn cultúrtha seo.  Agus dá líonmhaire lucht na Gaeilge is amhlaidh is deacaire atá sé ag naimdhe an chothromais cur I gcéill nach ann don teanga seo atá á labhairt sa dúiche seo sular rugadh Críost go dí an lá inniu ann.

An gníomh pobail: Is dúshraith láidir pobail í an Ghaeilge.  Na pobail is láidre Gaeilge sa Tuaisceart, is iad is láidre fosta maidir le féin-mheas, muinín agus spiorad dochloíte pobail. Leoga murab é athbheochan na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste, bheadh lag-trá eacnamaíochta ann i gceantar na bhFál áit a bhfuil corradh le 20 togra Gaeilge ann. Is é an turas féin an réabhlóid.

An gníomh stáit:  Duine ar bith a deir gur scáthán é an phobal na Sé Chontae státchóras a dhiúltaíonn an Ghaeilge a aithint, a dhiúltaíonn an Ghaeilge a labhairt agus a mhaíonn nach gceadaítaer an Ghaeilge a aithint, táthar dall d’aonturas ar an athbheochan cultúrtha atá ina ábhair bróid agus dóchais againn. D’iarr muid Acht Gaeilge le go dtabharfaí aitheantas agus cearta don Ghaeilge. Ach in éagmais Achta ná bímis inár dtost, tógtar guth na Gaeilge in achan réimse den stát-chóras ar son aitheantas don Ghaeilge.

Anois díríonn an polasaí bríomhar Gaeilge seo ar na céimeanna a ghlacfaidh Sinn Féin le seasamh ar son cearta lucht na Gaeilge agus leis an teanga a chosaint agus a chur chun cinn. Tá tagairt anseo do na Gaeltachtaí, don oideachas, do na meáin agus don phobal. Molaim an polasaí-doiciméad seo agus molaim sibhse as a bhfuil déanta agaibh don Ghaeilge agus don náisiún sa cheantar seo. Agus iarraim oraibh coinneáilt libh. Tá sé 30 bliain ó caitheadh amach as mo chéad chruinniú de Chomhairle Bhéal Feirste mé as siocair ‘teanga leipreachain’ a labhairt. Bhí dhá dtrian den chomhairle an t-am sin ina n-aontachtaithe agus smacht iomlán acu An tseachtain seo caite vótáil an chomhairle féin ar son Acht Gaeilge agus ní raibh ag 22 vóta aontachtach as 60 in éadan an ruin.

Deir Martin Luther King,

Change does not roll in on the wheels of inevitability, but comes through continuous struggle.

Tá a fhios agam nach bhfuil eagla ar bith oraibh roimh an tsreachailt sin agus tá a fhios agam go mbeidh an lá libh agus leis an Ghaeilge.
 




About the Author

Máirtín Ó Muilleoir

Máirtín Ó Muilleoir is the outgoing Sinn Féin MLA for South Belfast and a civic activist in Belfast.