‘Paidir’ seolta i mBaile Átha Cliath

‘Paidir’ seolta i mBaile Átha Cliath

December 22, 2014 Blog 0 Comments
Ag caint ag seoladh ‘Paidir do Bhéal Feirste’ i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn 20 Nollaig, dúirt leas-ardmhéara Bhaile Átha Cliath Críona Ní Dhálaigh (thuas) gurb é “dualgas an ardmhéara é,  i mBAC nó i mBéal Feirste, a bheith mar chéad saoránach ar son an uile dhuine ach go háirithe ar son na muintire sin nach gcluintear a nguthanna oiread agus a ba chóir.”
Alan Titley
Alan Titley

“Agus sin duifir,” ar sise, “atá le sonrú sa dá chathair le blianta beaga anuas: go mbíonn an t-ardmhéara ar an talamh i dtólamh agus é sásta labhairt amach ar son na ndaoine is boichte. Tá sin fíor fá Bhaile Átha Cliath mar a chonaic muid ar na mallaibh agus an obair a bhí ar bun do na bochta ag Christy Burke ach fosta bhí sé le sonrú i mBéal Feirste leis an obair a rinne Máirtín leo siúd gan dídean ach fosta le teifigh agus le daoine as thar lear a bhí ar lorg tearmainn abhus.”

Ag seoladh an leabhair úir, atá foilsithe ag Coiscéim, dúirt an t-údár Alan Titley gur léir ón leabhar go bhfuil an iomad pobal i mBéal Feirste an lá atá inniu ann.
“Caitlicigh agus Protastúnaigh, daoine aeracha, Muslamaigh, Hinduigh, romaigh, giúdaigh, lucht spóirt, lucht reathaíochta, rothaíochta, an mhuintir bhochta….Iad siúd a chomóradh, a cheiliúradh atá anseo i ‘Paidir do Bhéal Feirste’ agus is minic a ceapadh go raibh sin a dhíth.”
Lean sé leis: Beidh tábhacht leis an leabhar seo mar fhianaise stairiúil mar is beag ardmhéara a scríobh a leithéid. Ina choinne sin, is beag staraí a dhéanann tagairt do leabhair as Gaeilge. Tá ‘Paidir’ lomlán le hábhar leasmhar, feidhmiúil, úsáideach. Tá greann ann mar a mbeifí ag súil leis uaidh, ní gach ardmhéara ar Bhéal Feirste go raibh achmhainn grinn aige, gan ach cúpla dosaen a lua!”
Dúirt an tUas Titley gur chloígh an t-ardmhéara go daingean lena gheallúint go mbainfeadh sé de “culaith an pholaiteora” agus go háirithe “culaith na polaitíochta páirtí”.
“B’in a ghairm scoile i rith an ama agus chloígh sé go daingean, go deimhin, go dílis leis, agus go poblachtánach.”
Tá ‘Paidir do Bhéal Feirste’ ar fáil ó shiopaí leabhair ar €10.



About the Author

Máirtín Ó Muilleoir

Máirtín Ó Muilleoir is the outgoing Sinn Féin MLA for South Belfast and a civic activist in Belfast.