Iriseoir ionraic a thuig cad is éagóir ann

Iriseoir ionraic a thuig cad is éagóir ann

October 21, 2017 Blog 0 Comments

 

Cultœrlann McAdam î Fiaich, Nollaig î Gadhra Book launch, 'Cuimhn’ Cairde'. pictured: M‡ir’n N’ Ghadhra with her husband SŽamus and daughters Eimear and Ailbhe 2110JC17
An t-iriseoir Máirín Ní Ghadhra lena fear céile Séamus agus a n-iníónacha Emer agus Ailbhe ag seoladh ‘Nollaig Ó Gahdra; Cuimhní Cairde’ sa Chultúrlann i mBéal Feirste

Ba mhaith liom fáilte  a chur roimh Mháirín Ní Ghadhra anseo go Béal Feirste chuig seoladh Cuimhní Cairde, leabhar in ómós dá hathair a ndeárna sí eagarthóíreacht air.

 

Agus fáilte fosta roimh mhuintir Uí Ghadhra, roimh a fear céile Séamus agus a hiníonacha Emer agus Ailbhe.

Ach ba mhaith liom ar dtús focal molta a thabhairt do Mháirín í féin. Gan dabht bhí Nollaig bródúil as saothar Mháirín mar iriseoir proifisiúnta go dtí lá a bháis i 2008 ach is cinnte go mbeadh sé bródúil aisti inniu fosta agus a bhfuil déanta aici le firící agus tuairmí a bhain le saol an athara a chur ar an taifead.

Mar sin an misean a bhí ag Nollaig Ó Gahdra mar iriseoir agus mar thráchtaire: firící a thabhairt chun solais — eolas b’fhéidir arbh fhearr le daoine cumhachtacha go bhfanfadh sé I bhfolach —  agus ansin tuairmí a nochtadh ar an eolas céanna. Agus má bhí firící I gcónaí go flúiresach ag Nollaig, ní dada iad taobh leis na tuairmí a bhí aige ar cheisteanna reatha.

Mar sin, molaimís Máirín as a bhfuil déanta aici le scéal Nollaig agus scéal a linne a inse. Ar ndóigh, tréaslaímid fosta léi, mar iar-thuairisceoir ar Lá gan dabht, as an stádas ard atá bainte amach aici ar RnaG agus an ioldánacht a léiríonn sí mar chraoltóir.

B’iriseoir neamhspleách neamhchlaonta é Nollaig Ó Gadhra ach chreid sé go láidir sa nath a bhíodh ag Seamus O Grianna: “Áit ar bith a bhfeiceann tú an bhréag ina suí in airde go haerach, dean ionsaí uirthí.” Thuig sé fosta cad is éagóir ann agus ní raibh leisc air ina scríbhínní an cos-ar-bolg agus ainsmacht an stáit, ó thuaidh nó o dheas, a ghrinnscrúdú.

Is maith ‘Nollaig Ó Gahdra Cuimhní Cairde’ a bheith á sheoladh anseo I mBéal Feirste mar bhí bá ar leith ag Nollaig le náisiúntóirí an Tuaiscirt sna blianta údaí nuair nárbh fhéidir cás truamhéileach na cosmhuintire ó thuaidh a chlúdach ar na haerthonnta as siocair cinsireacht oifigiúil agus neamhoifigiúil. Tháinig an bhá sin on phoblachtanachas agus as an náisiúnachas a bhí go smior ann. Agus cé nár chláraigh sé le aon pháirtí polaitiúil, bhi a pholaitíocht le sonrú san eagraíocht radacach náisiunta ar thaobhaigh sé leis go dílis I rith a shaoil: Conradh na Gaeilge.

Agus cé gur minic é I mBéal Feirste ba mhinice a bhuilainn féin leis ag agóidí; taobh amuigh de RTÉ ag tus na n-ochtóidí ag casaoid fá ghanntanas cláir Ghaeilge agus taobh amuigh de Phríosún Mhuinseó tráth ar glasáileadh suas muintir Chearta Gael as Tír Chonaill. Agus muid ag siúl I gciocail — táimid á dhéanamh ar fad I gcúrsaí polaitíochta anseo mar a tchí sibh — bhí plé fada againn ar cheisteanna casta na coimhlinte ó Thuaidh.

Scriobhadh Nollaig go rialta don Andersontown News agus do Lá agus ba mhinic e fosta ar an ghuthán ag tabhairt leideanna nó comhairle nó go díreach ár gceartú maidir le cúrsaí polaitíochta. Tá a fhios agam go raibh sé bródúil go bhfoilsití a chuid alt agus litreacha ar an Andersonstown News ach bhí muidinnne bródúil fosta é a bheith ar na leathanaigh chéanna sin.

Sílim fosta gur ag tabhairt an dá mhéar don chinsireacht a bhí sé fosta sna hailt mhóra sin a sheoladh sé chugainn mar bhíodh siad clóscríofa ar sceideal seachtainiúil RTÉ – beartán mór a chuirtí chuig iriseoirí ar fud na tire. D’úsáidfeadh Nollaig an taobh bhán dena leathanaigh céanna lena shóiscéal a scríobh amach dúinn. Fear a raibh a mhéar ar an iomad sin cuisle aige agus eolas aige ar an oiread sin den stair agus de chúrsaí reatha, ní ionadh gan é a tugtha do ailt doimhne údárasacha. Leoga, is cuimhin liom go minic go dtosódh abairt ag barr leathanaigh agus nach gcríochnódh an abairt chéanna go dtí an chéad leathanach eile.

Níl a fhios agam ar thuig Nollaig an dea-thionchar a bhí aige ar Gheilgeoirí óga na tire. Agus muid ar scoil agus ar ollscoil bhí a leabharthaí éagsúil ó na leabharthathaí eile a bhí sa leabharlann Ghaeilge mar gur bhain siad le scéaltaí a bhí ag dóú na geirbe ionainn féin: Margáil na Saoire, Ríocht Roinnte, Girseachaí I nGéibheann, Guth an Phobail, leabharthaí fá pholaitíocht Mheiriceá agus fán Aontas Eorpach. Thug siad lón léitheoireachta dúinn a bhí tráthúil, agus ábharach dár saol. Agus thug siad misneach dar liom don scaifte beag sin — Eoghan Ó Néill, Gearóid Ó Cairealláin, Séamus Mac Fhionnghaile, Áine Nic Gearailt — a bhunaigh Preas an Phobail agus Lá 37 bliain ó shin. Mar cibé bhí idir na clúdaigh sna leabharthaí sin, bhí teachtaireacht eile leo. Is é sin gur teanga í an Ghaeilge atá abálta dul I ngleic go héifeachtach le díoschúrsa an lae inniu.

Tá a fhios agam go bhfuil clann Nollaig bródúil as, go díreach mar táimid féin. Ní ann do leabharlann in Éirinn muna bhfuil saothar da chuid ann. Bhí sé ionraic mar iriseoir agus i ndiaidh an iomláin, is é an t-ionracas sin a ghin gach focal dár scríobh sé mar irseoir, gach ceist a chuir sé mar thuairsceoir agus gach tuairm dár nocht sé mar thráchtaire. Cá’l an t-iriseoir, iadsan a bhfuil sé de chúram orthu an chéad dréacht den stair a thabhairt dúinn, a d’iarrfadh  níos mó ná sin an breithiúnas sin ón phobal ar a shaothar?


Nollaig Ó Gadhra Cuimhní Cairde. Cló Iar-Chonnacht. €12.

Unknown-67

 

 

 




About the Author

Máirtín Ó Muilleoir

Máirtín Ó Muilleoir is the outgoing Sinn Féin MLA for South Belfast and a civic activist in Belfast.